Gaelscoil Cholmcille: 22 bliain ag fanacht ar fhoirgneamh buan

Tá Gaelscoil Cholmcille, sa Chulóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, ag feidhmniú i bhfoirgneamh sealadach ó bhí 1996 ann, agus iad ag fanacht ar scoil bhuan le fada.

Tá suíomh béal dorais curtha ar leataobh ag an Roinn Oideachais le haghaidh scoil úr, ach 22 bliain ar aghaidh tá daltaí agus múinteoirí Ghaelscoil Cholmcille go fóill ag feitheamh.

Tá feachtas leanúnach ar bun ag coiste na dtuismitheoirí agus ar na mallaibh spreag an scannán clúiteach ‘Three Billboards Outside Ebbing, Missouri’ iad le haird an Aire Oideachias Richard Bruton a dhíriú ar chruachas na scoile arís eile.

Tá sé ráite ag leas-phríomhóide na scoile, Caitríona Ní Mhurchú, go raibh orthu rang iomlán a dhiúltiú anuraidh siocair nach bhfuil an spás acu.

Níl Gaelscoil ar bith eile sa cheantar agus ní raibh an dara rogha ag na tuismitheoirí sin a bpáistí a chur chuig scoil Bhéarla nó taisteal chuig Gaelscoil taobh amuigh den cheantar.

Tá go leor duaiseanna peile buaite ag daltaí Ghaelscoil Cholmcille thar na blianta, éacht mór, go háirithe nuair nach bhfuil halla spóirt ceart acu nó fiú clós súgartha.


Close
Close