Raidió Rí-Rá ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód

Tá Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiún Gaeilge in Éirinn, ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i mbliana.

Mar chuid den cheiliúradh, bhí an stáisiún le cloisteáil ar FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh, ar feadh deich lá.

Le linn an cheiliúrtha thug siad cuireadh d'aoi-láithreoirí cláracha a chur i láthair, ina measc na láithreoirí a bhí acu, bhí Micheál Ó Ciaraidh ó TG4, Daithí Mac Suibhne ó Fair City agus Seán Ó Baoill s'againne! 

Thug Raidió Rí Rá cuireadh d'fhoirne Raidió na dTreabh, Raidió na Life agus NÓS cláracha speisialta a chur i láthair fosta.

Tá sé mar aidhm ag an stáisiún a bheith ag craoladh mar an chéad chairt-stáisiún Gaeilge ar FM i ngach contae sa tír.

Tá €1.6 milliún á lorg acu ón údarás ceadúnais chun an fhís a fhíorú.

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar www.rrr.ie, ar a aip Android agus iOS, agus in áiteanna áirithe ar DAB.  

Close
Close