Polasaí 'Béarla Amháin' do Chomharthaí Sráide i bhFeidhm ag Comhairle Aontroma agus Bhaile na Mainistreach

Rinne Cumann Áitritheoirí Abbeyville i mBaile na Mainistreach, Contae Aontroma, iarratas comharthaí Gaeilge a chrochadh ar shráideanna sa cheantar ar na mallaibh agus tháinig sé chun solais dá bharr nach raibh polasaí ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach maidir leis na teangacha ar chomharthaí sráide.

Vótáil baill na Comhairle ina choinne, 27 in éadan 8 vóta.

I bpreasráiteas dúirt an Chomhairle gur lorg siad comhairle dlí agus gur aontaíodh go mbeadh polasaí ‘Béarla amháin’ i bhfeidhm maidir le comharthaí sráide.

Deir an 'Committee on the Administration of Justice' (CAJ) gur in aghaidh an dlí atá polasaí aonteangachais na Comhairle.

Labhair Meon Eile le Daniel Holder ón CAJ, le hurlabhraí ó Chumann Áitritheoirí Abbeyville agus le Gráinne Ní Ghilín ón Dream Dearg faoin scéal.

Close
Close