Obama Abú, ach tréimhse chorrach roimhe

Obama Abú, ach tréimhse chorrach roimhe
barack obama
barack obama

Dónall Mac Giolla Chóill

Dúradh liom an tseachtain seo caite gur chomhlíon Barack Obama geallúint togchánaíochta amháin thar aon gheallúint eile a thug sé i bhfeachtas na hUachtaránachta i mbliana; cheannaigh sé peata madadh dá chlann iníon.

Beidh le feiceáil sna ceithre bliana amach romhainn an éireoidh leis a chuid geallúintí eile a fhíorú chomh maith.

Anois agus na vótaí cuntaiste agus na torthaí dearbhaithe, tá tréimhse eile ag Barack Hussein Obama sa Teach Bán i Washington.

Tá vóta s’aige ón choláiste toghcháin laghdaithe ó bhí 2008 ann, agus ní nach íonadh.

Is saol iomlán eile é, is Meiriceá iomlán eile atá le feiceáil i 2012 ná mar a bhí ceithre bliana ó shoin nuair a bhí tús á chur leis an mheathlú eacnamaíochta.

Tháinig Obama i gceannas ag tús an mheatha, i ndiaidh do Lehman Bros. cliseadh. Gan mhoill ina dhiaidh thit an tóin as an gheilleagar domhanda.

Bhí an vóta coitianta closáilte go leor idir é féin agus Mitt Romney, agus go dtí oíche na dtorthaí féin is cróga an trachtaire a dhéanfadh talamh slán de bhua Obama.

Rith an dá iomaitheoir feachtas láidir agus má tá rud amháin fíor faoi pholaitíocht na Stát Aontaithe, is é sin nach bhfuil rud ar bith cinnte go bhfuil sé cinntithe.

Sa bhliain 2000, bhí an chuma ar an scéal go raibh an lá le Al Gore go dtí gur tharla an ceap magaidh i bhFlorida leis na ‘chadanna torracha’ agus na hachomhairc dlí.

Bronnadh an Teach Bán ar George W. Bush ag an am, agus ina dhiaidh i 2004, bhí go leor daoine a chuaigh a chodladh oíche an chomhairimh ag súil le muscailt an mhaidin dár gceann agus an lá leis an Seanadóir John Kerry.

Má tá rud amháin amhlaidh faoi pholaitíocht SAM, ní mar a shíltear a bhítear.

Le cúpla seachtain anuas léirigh Obama é féin mar cheann urraidh stáit le linn Sár-stoirm Sandy.

Bhí sé ann le feiceáil ag stiúradh na n-iarrachtaí ar fhóirithint anachaine.

Léirigh sé ceannaireacht nár léirigh W. Bush i Hairicín Katrina i 2005.

Léirigh sé é féin chomh maith mar ardcheannasaí armtha na Stát Aontaithe nuair a mhaoirsigh sé bás Bin Laden i 2011.

Anois agus ceithre bliana eile ag Obama, beidh iomlán a airde dírithe i dtreo amháin – oidhreacht s’aige agus áit s’aige sna leabhair staire.

Beidh sé anois ábalta aghaidh a thabhairt ar an tSiria agus ar an Iaráin sna blianta beaga amach romhainn.

Ní ligfeadh an eagla dó aon chogadh nó feachtas míleata a thoiseacht roimh an toghchán ach anois tá sé slán.

Gheall sé go dtabharfadh sé aghaidh arís eile ar an mheathlú eacnamaíochta, ach tá oidhreacht uaidh, mar a bhíonn ó gach aon Uachtarán agus gach aon cheannaire polaitiúil ar domhan.

Beidh deacaireachtaí aige agus Teach na nIonadaithe faoi chois na bPoblachtanach agus Seanad na Stát Aontaithe le móramh Daonlaitheach.

Dá chóngaraí an torradh idir Obama agus Romney, caithfear an cheist a chur an mbeadh torradh eile ann ach ab é Sandy.

Ach ab é an cheannasaíocht a thaispeáin sé, an mbeadh an lá leis?

Sin ceist nach bhfuil freagra air, ach is cinnte go mbeidh air níos mó ceannasaíochta den chineál sin a léiriú sa tréimhse chorrach atá amach roimhe.

Close
Close