Mol an óige agus tiocfaidh sí - Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT

Thug na mílte cuairt ar chomórtas Eolaí Óg na Bliana seo a bhí ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath.

Breis is 500 tionscnamh a bhí ar taispeáint i gcomórtas na bliana seo. Ó bhunaigh an Dr. Tony Scott agus am tAthair Tom Burke an taispeántas sna 1960í tá fás suntasach tagtha air.

Tá cáil ar an taispeántas anois mar cheann de na hardáin is fearr le daoine óga cumasacha a spreagadh agus dúil acu san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic, ábhair “atá an-tábhachtach, a chothú,” arsa bainisteoir cleachtais BT, Dave Bergin.

“Tá sé tábachtach go mbíonn a leithéid de chomórtas ann leis an aos óg a spreagadh sa dóigh is go mbeidh siad ag smaoineadh tabhairt faoi na hábhair seo ag an tríú leibhéal."

Bhí Aoibhinn Ní Shúilleabháin i measc na moltóirí agus bhí sí an-tógtha le cumas na scoláirí agus an caighdéan matamaitice a bhí le feiceáil.

Thug beirt, Maria Louise Fufezan agus Diana Bura as meánscoil Loreto i mBaile Brigín, príomhdhuais an chomórtais leo. D’amharc an tionscnaimh ar threimhse saoil bhia ainmhí agus an tionchar atá ag einsímí i mbreiseáin bhia.

Seo thíos blaiseadh den taispeántas agus na tionscnaimh a bhí le feiceáil ann…

Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT
Close
Close