74% de dhaoine i gcoinne comharthaí dátheangacha ar bhusanna i nDoire - Comhairliúchán Translink

Chuir an pobal a chuid tuairimí in iúl an bhliain seo a chuaigh thart do Translink maidir le comharthaíocht dhátheangach ar bhusanna Ulsterbus atá i mbun seirbhíse ar bhusbhealach an tSléibhe Mhóir i nDoire.

Mar gheall ar iarratas saorála faisnéise ó Gregory Cambell ón DUP, foilsíodh torthaí an chomhairliúcháin sin le déanaí.

As 9,421 freagra bhí 74% i gcoinne na gcomharthaí, dar leis an Roinn Bonneagair.

Deir siad in aineoinn go bhfuil an comhairliúchán críochnaithe nach mbeidh aon chinneadh ar aon dul chun cinn á dhéanamh acu go dtí go mbeidh Aire ann, ag rá “Whilst the consultation is complete, any decision on the way ahead could not be taken until a Minister is in place.”

Dúirt Translink i bpreasráiteas áfach nach bhfuil aon phlean acu comharthaí dátheangacha a thabhairt isteach i nDoire faoi láthair mar gheall ar thorthaí an chomhairliúcháin.

Dúirt Translink le Meon Eile:

We completed public consultation last year regarding the potential to introduce bilingual destination screens on Derry~Londonderry City Bus Services.

“Taking on board the feedback from the consultation we have no plans to introduce bi-lingual destination screens at this time in Derry~Londonderry.

“There are currently no further consultations planned around this issue”.

Bhí míshástacht ag an am faoi cheisteanna an chomhairliúcháin agus tá tuilleadh sonraí agus figiúirí á lorg anois maidir leis na torthaí a foilsíodh.

Labhair Meon Eile le daoine i gCultúrlann Uí Chanáin i gcathair Dhoire agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge.

Close
Close