Men's Sheds - gluaiseacht shláinte intinne na bhfear

Men's Sheds - gluaiseacht shláinte intinne na bhfear

Is eagras idirnáisiúnta é Men’s Sheds a dhíríonn ar shláinte intinne na bhfear trí thograí éagsúla pobail.

“Men don’t talk face to face – they talk shoulder to shoulder,” is ea mana an eagrais.

Déanann craobhacha pobail áiseanna a thógáil agus a athchóiriú ina bpobail féin.

Chinn craobh dá gcuid i mBaile Uí Lachnáin i gcontae Átha Cliath go dtógfadh siad faoi thogra teanga. Thug Meon Eile cuairt orthu lena scéal a chluinstin…

Mens Shed

Le linn na nochaidí san Astráil, tugadh faoi deara nach raibh ardán ar fáil d’fhir lena sláinte agus lena folláine shóisialta a phlé go neamhfhoirmeálta.

Ba í cuspóir Men’s Sheds ag an am go bhféadfadh dúlagar a laghdú dá gcuirfí ócáidí pobail neamhfhoirmeálta ar fáil d’fhir ina bpobal féin le comhrá agus caint a dhéanamh.

Le himeacht na mblianta, rinne an t-eagras leathnú ar aoisghrúpa an daonra ar a raibh siad dírithe agus ar na gníomhaíochtaí pobail a bhí idir lámha ag a gcuid craobhacha éagsúla.

Tá craobhacha ag an eagras anois mórthimpeall na cruinne agus beagnach 100 craobh acu in Éirinn inniu.

Close
Close