Luasteorainn íslithe i lár Bhéal Feirste

Tá luasteorainn tiomána íslithe de 20 míle san uair i ndiaidh teacht i bhfeidhm ar 75 bóthair éagsúla (tuilleadh eolais anseo) i mBéal Feirste.

Ar an 12 Deireadh Fómhar, cuireadh luasteorainn nua i bhfeidhm ar bhóithre faoi léith idir Béal Feirste, Baile Meánach agus Baile Nua na Mainistreach.

Deir an Roinn Forbartha Réigiúnaí gur scéim phíolótach trí bliana atá i gceist le féachaint líon na dtimpistí bóithre a laghdú. In ainneoin na n-athruithe úra, níor cuireadh mórfheachtas fógraíochta i bhfeidhm go fóill.

Labhair Meon Eile le tiománaithe Bhéal Feirste faoina dtuairimí i leith na rialacha úra agus cúrsaí tiomána sa chathair…

Luasteorainn nua i mBéal Feirste
Close
Close