Litir oscailte bronnta ar Bhord an Fhorais ag impí dul siar ar chiorruithe

Litir oscailte bronnta ar Bhord an Fhorais ag impí dul siar ar chiorruithe

Bhronn grúpaí pobail Gaeilge litir oscailte ar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge roimh chruinniú Bhord an Fhorais i mBéal Feirste ar maidin ag impí orthu dul siar ar chiorruithe Scéim Pobal Gaeilge.

Faoin chéad bhabhta eile den Scéim, a thosóidh ar an bhliain seo chugainn, ciorrófar maoiniú na nOifigeach Gaeilge 20%, chomh maith le ciorruithe ar bhuiséad imeachtaí agus cíosa.

Ní bheidh cead ag aon ghrúpa pobail a n-éiríonn leo iarratais a dhéanamh ar scéimeanna eile de chuid an Fhorais. Bhí Meon Eile i láthair ar maidin nuair a bronnadh an litir oscailte ar Bhord an Fhorais…

Litir do Bhord Fhoras na Gaeilge

Seo a leanas téacs na litreach a bhronn 19 grúpaí pobail ar Chomhaltaí Boird Fhoras na Gaeilge inniu. D’iarr Meon Eile ráiteas ar Fhoras na Gaeilge go mall tráthnóna. Foilseófar a ráiteas ar ball.

A Chomhaltaí a chairde,

Tá muid ag scríobh chugaibh thar cheann na ngrúpaí pobalbhunaithe Gaeilge ar fud na tíre atá maoinithe fán Scéim Phobal Gaeilge. Le blianta beaga anuas, tá 19 eagraíocht maoinithe ar bhonn logánta agus ag tógáil infrastruchtúir pobail a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, pobal foghlama na teanga agus a ardaíonn feasacht faoin teanga i measc mórphobal an Bhéarla.

Thóg muid Gaelphobal mar gheall ar an tacaíocht a fuair muid fríd an scéim seo atá aitheanta go forleathan mar an scéim is rathúla, is luachmhaire agus is éifeachtaí atá ag Foras na Gaeilge.

Fán scéim nua atá céadaithe agaibh do 2016-20, tá athruithe suntasacha aontaithe a dhéanfas slad iomlán ar an soláthar reatha s’againne. Ina measc:

Nach gclúdófar ach 80% de thuarastal an Oifigigh Forbartha (de réir na treorach ó Fhoras na Gaeilge, is féidir le grúpaí duine a fhostú ar 4 lá sa tseachtain nó teacht aníos leis an 20% breise iad féin).

Laghdú suntasach molta go €4,000 sa bhliain i dtaca le costais reatha / oifige do na grúpaí (costais cíosa, rátaí, leictreachas, teas agus eile san áireamh)

Nach mbeidh ach €2,000 sa bhliain ar fáil le clár gníomhaíochtaí a chur i gceann a chéile.

Cosc ar ghrúpaí an SPG cur isteach ar scéimeanna miondeontais eile Fhoras na Gaeilge, ar nós campaí samhraidh, srl.

Fágfaidh an scéim, mar atá molta, grúpaí reatha amuigh ar na sráideanna gan a dhóthain airgid le costais cíosa agus eile a chlúdach agus oifigigh ag feidhmiú ar 4 lá sa tseachtain gan a bheith ábalta seirbhísí riachtanacha, leanúnacha, pobalbhunaithe a sholáthar do lucht labhartha na Gaeilge, sna ceantair ina bhfuil siad lonnaithe.

Tá baol ann fosta go lorgóidh na hOifigigh Forbartha reatha, a thóg taithí agus scileanna luachmhara le blianta beaga anuas, fostaíocht nua i ngeall ar na hathruithe tromchúiseacha, cúilchéimnitheacha seo. Cuirfidh seo agus na moltaí eile thuas obair reatha na ngrúpaí pobail i mbaol.

Téann seo in éadan spriocanna agus cuspóirí stráiteiseacha Fhoras na Gaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Ag an am seo anuraidh, ghlac muid páirt ghníomhach sa phróiseas comhairliúcháin a d’fhógair sibh ar thodhchaí na scéime. Dúirt muid go soiléir gurbh fhiú leanúint leis an chur chuige pobalbhunaithe, logánta a dhíríonn acmhainní aon áit ina bhfuil éileamh agus riachtanais. D’aontaigh muid fosta gur chóir tuilleadh grúpaí a mhaoiniú chun leanúint leis an dea-obair a dhéantar sa phobal. Os a choinne sin, ní féidir seo a dhéanamh go héifeachtach ar an ghannchuid.

Iarrann muid oraibh athmhachnamh práinneach a dheánamh ar an chinneadh seo agus an scéim molta seo a aisghairm go dtí gur féidir infheistíocht chuí a chinntiú don Scéim Phobal Gaeilge agus buiséad atá oibrithe, ciallmhar, loighciúil agus inmharthana a chur ina treo.

Ní mór dúinn tosaíocht cheart a dhéanamh d’athbheochan pobalbhunaithe na Gaeilge. Tá an fhreagracht agus an t-údarás agaibh éisteacht le tuairimí an phobail. Impímid oraibh an rud ceart a dhéanamh.

Close
Close