Léirsiú ar an Chnoc

Agus deireadh tagtha le cainteanna na bpolaiteoirí, d'eagraigh an Dream Dearg léirsiú ar Chnoc an Anfa chun an t-éileamh ar son Acht Gaeilge a chur in iúl. 

Chuaigh bus lán daoine ón Chultúrlann a fhad le foirgnimh an Tionóil. 

Bhailigh daltaí scoile, tuismitheoirí, grúpaí Gaeilge agus pobal Gaeilge Bhéal Feirste le hionadaithe tofa ó pháirtithe polaitiúla in aice le céimeanna Stormont. 

Bhí idir cheol agus bhéiceacha an tslua le cloisteáil fud fad eastát Chnoc an Anfa agus pobal na Gaeilge ag éileamh cur i bhfeidhm Acht Gaeilge mar a aontaíodh i gComhaontú Chill Rìmhinn. 

Bhí Meon Eile i láthair ag an léirsiú.

Close
Close