Léirsiú agus Cruinniú le Karen Bradley ar an Chnoc

Thuirling na céadta ar Chnoc an Anfa Déardaoin seo caite agus chéad léirsiú na bliana eagraithe ag an Dream Dearg don fheachtas ar son Acht Gaeilge.

Daltaí ó Choláiste Feirste, Gaelscoil an Lonnáin, Gaelcholáiste Dhoire, Gaelscoil na Daróige agus roinnt Gaelscoileanna eile ó Dhoire agus ó Bheal Feirste a bhí chun cinn agus an slua ag siúl go céimeanna Stormont.

Ansin tráthnóna Déardaoin, bhuail ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus grúpaí eile Gaeilge le Rúnaí Stáit na Breataine, Karen Bradley.

B'shin an chéad uair ar chas Státrúnaí de chuid na Breataine leis an toscaireacht Ghaeilge.

I ndiaidh os cionn 100 iarratas a dhéanamh le réamhtheachtaí Karen Bradley, James Brokenshire, bhí an toscaireacht ag dúil leis an deis cás an phobail a chur faoina bráid.

Bhí Meon Eile i láthair ag an lá gnóthach i gCnoc an Anfa.

Close
Close