Grenfell: ábhar macnaimh anseo ó thuaidh

Trí seachtaine ó shin chuir na pictiúirí de bhloc árasán Grenfell i Londain faoi thine alltacht ar dhaoine timpeall na cruinne.

Go dtí seo, deir na fórsaí éigeandála go bhfuair beagnach 80 duine bás mar gheall sa tragóid.

Anseo ó thuaidh, tá an tseirbhís doiteáin ag tabhairt cuairte ar árasáin ilstóracha chun eolas faoi thine, aláraim dhoiteáin agus bealaí éalaithe a roinnt leis na cónaitheoirí.

Tá fiosrúchán oifigiúil ar bun anois ag rialtas na Breataine chun cúis na tine a aimsiú agus tá seans ann go mbeidh impleachtaí ag na torthaí sin ar riallacha tógála amach anseo.

Labhair Meon Eile le bean doiteáin agus le hailtire faoi thine Thúr Grenfell agus faoin ábhar macnaimh atá fágtha anois mar thoradh air...

Close
Close