Easpa muiníne sna Garda Síochána fiosrúcháin a dhéanamh ar chásanna ciníochais

I gcomhpháirt leis an ghrúpa frithchiníochais ENAR, tá tuarascáil úr foilisithe ag an Dr. Lucy Michael dar teideal ‘Aphrophobia in Ireland’.

I measc phríomhthorthaí na tuarascála, deirtear nach bhfuil daoine a ndéantar ionsaí nó ciapach orthu ar bhonn cine sásta dul chomh fada leis na Gardaí mar níl siad sásta go ndéanfaí fiosrúchán mar is ceart ar an chás.

Amach as 28 cás a luaitear sa tuarascáil, dúirt 3 acu súid go raibh said sásta leis an fhiosruchán a rinne na Gardaí.

Is é a dúirt na Garda linn ná:

“Go mbíonn siad ag oibriú go dlúth le pobail imeallacha mhionlaigh ar fud na tíre agus go gcuireann siad na grúpaí ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil, dúirt siad fosta go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach na Gardaí a chur ar an eolas faoi eachtraí ar bith ina bhfuil ciníochas i gceist leo.”

Tá an Dr. Lucy Michael ag obair ar tuarascáil eile cheana féin a dhíreoidh ar an phobal Moslamach anseo in Eirinn. Tuarascáil atá de dhith go géar dar le hArdmhéara Átha Cliath Theas, Sarah Holland.

Ciníochas
Close
Close