Donald Trump - cad chuige a bhfuil ag éirí leis?

Donald Trump - cad chuige a bhfuil ag éirí leis?

Cé nach bhfuil toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe ann go dtí mí na Samhna, tá spéis thar na bearta á cur i bhfeachtas Donald Trump atá ar lorg ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh.

Tá ráitis éagsúla Trump i ndiaidh racht feirge agus olc a chruthú i measc daoine ó gach casadh den saol: Moslamaigh, Meiriceánaigh Afracacha, mná agus imircigh, agus níl anseo ach roinnt acu sin a mhaslaigh sé!

Cuireadh rúin chun tosaigh i nDáil Éireann agus i dTeach na dTeachtaí i Londain go gcuirfear cosc air teacht chun an dá thír mar gheall ar a éileamh nach gcuirfí fáilte roimh Mhoslamaigh i SAM.

Tá Trump ag cur spéise in ainmniúchán an Pháirtí Phobachtánaigh ó bhí 1988 ann. Is cosúil i mbliana áfach go bhfuil sé ar tí an t-ainmniúchán a bhí uaidh ar feadh na mblianta a fháil.

Leis an oiread sin conspóide agus aighnis atá cothaithe aige, cén fáth a bhfuil pobal Mheiriceá ag cur an oiread suime san fhear gnó seo ar fiú $9 billiún é?

Barúil ón Bhosca
Close
Close