Dhá choiscéim chun tosaigh, coiscéim amháin ar gcúl

Dhá choiscéim chun tosaigh, coiscéim amháin ar gcúl
robinson agus mcguinness
robinson agus mcguinness

Ciarán Ó Pronntaigh

Bí ag caint faoi dhá choiscéim chun tosaigh agus coiscéim amháin ar gcúl. Nó dhá cheann nó trí cinn, fiú.

Sin mar a bhíonn rudaí, de ghnáth, ó thuaidh agus léirigh an chonspóid a bhain leis na mórshiúlta le linn an tsamhraidh go raibh na coiscéimeanna céanna tábhachtach do sciar measartha mór den phobal fós.

Ach, tá réalachas eile ag teacht chun cinn chomh maith, an gnáthchóras polaitíochta a bhaineann le páirtithe atá i rialtas agus ag obair as lámh a chéile.

Cinnte, beidh go leor ag rá gur teip a bhí sa réimeas idir Sinn Féin agus an DUP go dtí seo nó bíonn moill ollmhór ag baint le gach sórt.

Ach sin an córas a dhéanann cinnte de go bhfuil cros ag gach taobh agus nach ndéanfar leatrom ar thaobh amháin.

Cuir i gcás an tÚdarás Oideachais agus Scileanna. Bhí sé ina cheap magaidh ar feadh i bhfad gur fógraíodh a bhreith an oiread sin amanna gan toradh.

Bhí Sinn Féin á iarraidh ach ní raibh an DUP sásta glacadh leis gan géilleadh éigin ar cheist na teiste aistrithe. Sáinn.

Ach tá na rotha ag bogadh anois agus tá an reachtaíocht ag dul trí Stormont faoi láthair.

Baineann an pholaitíocht leis an ghnáthchóras an oiread céanna agus a bhain sí leis an choimhlint a chuaigh roimhe.

Chonaic muid teannas ar cheist leasú leasa shóisialaigh, mar shampla, agus beidh cinneadh le glacadh ar cheist na cánach corparáide i measc rudaí eile.

Tá an dá mhórpháirtí ag daingniú na háite s’acu san fheidhmeannas agus sa phobal agus ag an am céanna a bhfuil Páirtí Aontachtaithe Uladh agus an SDLP ag dul ar mhalairt treo.

Seans go bhfuil barraíocht le cailleadh ag na mórpháirtithe dá mbeadh siad le seasamh a ghlacadh ar cheist faoi leith a chuirfeadh deireadh leis an fheidhmeannas.

Níl seo ar leas an dá pháirtí thánaisteacha, ar ndóigh.

I gcás Aontachtaithe Uladh tá an ceannaire nua, Mike Nesbitt, ag iarraidh a shéala a chur ar rudaí agus a riail a láidriú. Níl ag éirí leis go rómhaith, áfach.

Taobh istigh de roinnt seachtainí chaill sé An Tiarna Maginnis ón pháirtí agus chonaic sé an t-iarbhall, David McNarry, ag dul isteach in UKIP.

Beidh daoine ann a déarfaidh nach miste a leithéid ón eite dheis a chailliúint ach tá sé dian ar an eite liobrálach chomh maith.

Tugadh bata agus bóthar do John McAllister mar leascheannaire i ndiaidh dó alt a scríobh ag cáineadh Aontas na nAontachtaithe. (Tiocfaimid ar ais chuig an téama sin).

I gcás an SDLP, is fearr gan scéal a bheith ann, amanna, nó, ar a laghad ní tharlóidh a dhath a chuirfidh náire orthu.

Chuir siad i leith Shinn Féin le fada gur ghoid an páirtí sin a gcuid éadaí polaitiúla agus anois tá ceannaire an DUP, Peter Robinson, ag cur leis an líomhain, ar dhóigh, ag rá gurb é an SDLP atá ag stiúradh pholasaí na bPoblachtánach agus go bhfuil drogall orthu cinneadh crua a ghlacadh ar eagla go náireodh an SDLP iad.

Ar eagla gur shíl tú gur tréimhse an leadráin atá romhainn, ní dóigh liom gur gá bheith buartha.

Tá liosta le háireamh d’ócáidí cuimhneacháin le teacht, chomh maith, an ceann is mó anois 2016, is dócha.

Chonaic muid imir den Aontas Aontachtach le linn Chomóradh Chúnant Uladh ag deireadh mhí Mheán Fómhair nuair a sheas Nesbitt agus Robinson gualainn le gualainn in éineacht le Jim Allister ón TUV.

Anois, cad é an chuma a bheadh ar Aontas Náisiúnaíoch?

Close
Close