Daoine óga chun cinn le linn na Bliana Deirge

Bliain ó shin inniu bhailigh slua de Ghaeilgeoirí fearga taobh amuigh d'oifigí na Roinne Pobail i mBéal Feirste.

Bhí conspóid mhór ag baint le cinneadh an Aire Paul Givan ón DUP roimh an Nollaig deireadh a chur leis an mhaoiniú do scéim na sparántachtaí Gaeltachta, Líofa.

Maidin na hagóide i gcoinne an chinnidh, d’fhógair an tAire Givan go raibh sé ag tabhairt ar ais mhaoiniú Líofa.

Ach lean an Dream Dearg leis an agóid ar mhaithe leis an éileamh do reachtaíocht agus do chearta na Gaeilge a chur os comhair an mhórphobail.

Bliain chumhachtach chorraitheach spreagúil a bhí ag an Dream Dearg ó shin a chuir an tAcht Gaeilge i lár an díoschúrsa pholaitiúil.

Bliain lán agóidí, feachtasaíochta agus brú ar na meáin shóisialta a bhí in 2017 agus na meáin thraidisiúnta agus polaiteoirí ag tabhairt aird ar an fheachtas spleodrach.

Bliain i ndiaidh na chéad agóide sin, níl aon Acht Gaeilge ann go fóill.

Tá móramh na n-ionadaithe tofa, áfach, ag tacú le reachtaíocht de chinéal éigin don Ghaeilge agus is cinnte nach raibh ceist na teanga chomh mór agus atá anois riamh roimhe seo.

Labhair Meon Eile le beirt ón Dream Dearg faoin bhliain a bhí acu agus go háirithe faoi thábhacht na ndaoine óga san fheachtas, feachtas nach mbeadh chomh bríomhar gan iad.

Close
Close