Conradh na Gaeilge chun cás cúirte a ghlacadh maidir le Straitéis na Gaeilge

Tá cinneadh glactha ag Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge dul ar aghaidh le cás cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh ar an ábhar nach bhfuil Straitéis na Gaeilge 2015-2035 á cur i bhfeidhm.

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR, Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar 30 Eanáir 2015.

Léirigh an tuairisc ar dhul chun cinn na Straitéise a foilsíodh bliain níos déanaí an fhorbairt a rinneadh agus an dlúth-chomhpháirtíocht a tógadh idir an Roinn agus pobal na Gaeilge le bliain anuas.

Ina ainneoin seo, níor ghlac an Feidhmeannas leis an Straitéis go hoifigiúil go fóill, de réir na ndualgas reachtúil atá orthu.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go bhfuil “Straitéis na Gaeilge luaite go sonrach mar ghealltanas ó Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 agus tá sé luaite i gClár Rialtais 2011-2015 an Fheidhmeannais reatha.”

Lean Ó Cearbhaill… “Nuair a ceapadh an tAire Ní Chuilín i mbun a Roinne, rinne sí comhairliúchán cuimsitheach leis an phobal ar réimsí agus ábhar na Straitéise seo.

“Tar éis próisis fhada, foilsíodh Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar 30 Eanáir 2015 agus tá an pobal ag obair go dlúth leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le spriocanna na Straitéise a thabhairt chun fírinne ó shin.

Is cúis díomá dúinne i gConradh na Gaeilge, mar sin, nár glacadh leis an Straitéis go hoifigiúil os comhair an Fheidhmeannais go fóill, in ainneoin na gcéimeanna forásacha thuasluaite,” arsa Uachtarán an Chonartha.

Creideann Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge “gur ábhar ollmhór díomá agus frustrachais nár ghlac an Feidhmeannas leis an Straitéis Ghaeilge.”

Is de thairbhe an neamh-ghnímh ón Fheidhmeannas gur chinn Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge gurbh éigean dúinn cás cúirte a ghlacadh in éadan an Fheidhmeannais chun go mbeidh orthu a ndualgas agus a gclár féin mar Rialtas a chomhlíonadh, agus cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge,” arsa Mac Giolla Bhéin.

Close
Close