Cainteanna Stormont atosaithe & Acht Gaeilge ar an chlár


Cuireadh tús arís leis na cainteanna polaitiúla ag Stormont an tseachtain seo, níos mó ná bliain i ndiaidh don Fheidhmeannas titim.

An uair seo is í Karen Bradley Stát Rúnaí an Tuaiscirt agus deir sí go bhfuil sí muiníneach go nglacfaidh sé seachtainí, agus ní míonna, orthu teacht ar réiteach chun an Feidhmeannas a athbhunú.

Bhí Conradh na Gaeilge i láthair ag Cnoc an Anfa i ndiaidh dóibh iarraidh ar na príomhpháirtithe polaitiúla bualadh leo chun Acht Gaeilge a phlé.

Tá ceist an Achta go fóill ar an cheist is mó agus 50 ionadaí tofa ag tacú le reachtaíocht don teanga.

Bhuail ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus An Dream Dearg le Sinn Féin agus Alliance ar an Chéadaoin.

D'fhiafraigh Meon Eile den SDLP agus den DUP agus muid i gCnoc an Anfa an mbeadh siad sásta bualadh leis an Chonradh.

Ó shin i leith tuigtear do Meon Eile gur bhuail Conradh na Gaeilge leis an SDLP.

Tá Conradh na Gaeilge go fóill ag fanacht chun bualadh leis an DUP agus an UUP.

Close
Close