Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola sásta glacadh leis an €100,000 atá á thairiscint ag Roinn na Gaeltachta

Ag cruinniú a bhí ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige i ndeireadh na míosa seo caite, glacadh leis d'aonghuth nach nglacfadh an Fóram le maoiniú a bhí á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta dóibh leis an phlean teanga atá réitithe acu don cheantar a chur i bhfeidhm.

€100,000 in aghaidh na bliana agus fostaí amháin leis an phlean a fheidhmiú atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta do gach plean teanga.

Ach deir Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga nach leor an €100,000.

Dar leo go bhfuil ar a laghad €250,000 in aghaidh na bliana agus triúr fostaí lánaimseartha de dhíth orthu le plean teanga s'acu a chur i gcrích.

Tá Fóram Chois Fharraige ar an chéad dream le diúltú go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint.

Tá sé ráite ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go dtacaíonn siad leis an seasamh atá glactha ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige diúltú don €100,000. 

Ach cé go dtacaíonn Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola le seasamh mhuintir Chois Fharraige, tá siad sásta glacadh leis an €100,000 agus iad ag súil le tús á chur le plean s'acu ag tús na bliana úire.

Thug muid cuairt ar an cheantar le déanaí agus labhair muid le Bearnaí Ó Gallchóir, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola.

Close
Close