Clár faisnéise á dhéanamh ar ghluaiseacht 'Waking the Feminists'

Spreagtha ag an ghluaiseacht ‘Waking the Feminists’, tá grúpa óg scannánóirí ag tabhairt faoi fheachtas bailiúcháin airgid agus é mar sprioc acu €10,000 a chruinniú idir seo agus 7 Aibreán.

Is iad Sarah Corcoran, Sarah Barr, Aoife Kelly agus Stephen Elliott atá ag tabhairt faoin chlár úr faisnéise dar teideal ‘Thems the Breaks’.

Amharfaidh an clár seo ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an ghluiaseacht ‘Waking the Feminists’ ó thósaigh sé, chomh maith le fiosrú ar neamhionannas inscne sna healaíona in Éirinn.

Clár faisnéise á dhéanamh ar ghluaiseacht 'Waking the Feminists'

Cuireadh tús leis an ghluaiseacht ’Waking the Feminists’ anuraidh nuair a d’fhógar Amharclann na Mainistreach a clár comórtha ar 1916.

Amach as an 10 ndráma luaite sa chlár ní raibh ach dráma amháin ann a bhí scríofa ag bean.

Tharraing sé seo fearg ar go leor ban a bhí míshásta leis an neamhionannas inscne a bhí go soiléir le feiceáil ann.

Thar oíche d’fhás an haischlib #wakingthefeminist ar Twitter agus bhí na mílte bean ag leiriú a dtuairimí faoi ról na mban, nó a easpa, sna healaíona anseo in Éirinn.

Shínigh suas le 1531 duine achainí ar líne taobh istigh de 20 uair an chloig ag tacú leis an fheachtas agus léirigh aisteoirí móra le rá, ar nós Cherry Jones, Brian F O’Byrne, Mona Eltahawy, Debra Messing agus Meryl Streep, a dtacaíocht ar son mhná na hÉireann.

Ceithre mhí níos moille agus tá an ghluaiseacht seo breá beo láidir. Tá athrú de dhíth agus tá na mná ag tróid ar son an athraithe sin.

De reir statisticí Bhord Scannán na hÉireann ba mhná iad 56% de na léiritheoirí ar na scannáin a rinneadh anseo idir 2010-2015. Ar an lámh eile afách ba é 21% an líon a bhí ann de bhanscríbhneoirí agus 18% de bhanstiúrthóirí.

Ó bhí 2006 ann tá 110 dráma tar éis a bheith ar ardán Amharclann na Mainsitreach agus ní raibh ach 12.6% de na drámaí sin scríofa ag mná.

Cé go n-aithníonn Amharclann an Mainsitreach go bhfuil fadhb ann anois, chomh maith le go leor eile atá ag obair san earnáil, tá an ghluaiseacht ‘Waking the Feminists’ ag cur brú orthu agus beidh le feiceáil cad is féidir leis an fheachtas a bhaint amach sa tréimhse amach romhainn.

Beidh an t-ábhar seo á phlé go mion sa chlár ‘Thems the Breaks’.

Tá an fhoireann ag brath go mór ar an €10,000 sa dóigh is go mbeidh siad ábalta leanúint ar aghiadh leis an taifeadadh go háirithe agus ré úr na mban ar leac an dorais…

Close
Close