Ceisteanna go leor faoi, agus ar, an iar-Phápa

Pápa éirithe as
Pápa éirithe as

Dónall Mac Giolla Chóill

D’fhógair Benedict XVI go bhfuil sé chun éirí as, dul ar phinsean, dul ar scor óna phost mar cheann urraidh, ceann-fheadhna ar tuairim is billiún Caitliceach.

Chuir cara liom, ar Protastúnach é, chuir sé ceist orm an raibh cead ag Benedict amhlaidh a dhéanamh.

Arsa mé féin gur dóiche go raibh cead aige, agus an gníomh fógartha aige, ach go hiondúil gurbh fhearr linne, Caitlicigh Rómhánacha, bealach níos traidisiúnta le fail réidh lenar gcuid Pápaí, agus go mbíonn cupán tae nó caifé nimhithe nó ‘taom croí tobann’ i gceist.

Mheas mo chara Protastúnach gur ag magadh a bhí mé, agus b’fhéidir go raibh cuid bheag den mhagadh sa mhéid a dúirt mé, ach cuid bheag den fhírinne ann chomh maith.

Bheadh bás Benedict ina réiteach níos sásúla ar a ré i gceannas, bheadh lánstád á chur leis an chaibidil sin den stair, agus bheadh se níos fusa caibidil eile a thoiseacht.

Is cuma go mbeadh sé seo níos glaine, nó níos traidisiúnta, (agus tugann roinnt foinsí údarásacha thart ar fiche Pápa a fuair bás amhrasach dúinn) rinne Benedict cinneadh dul a bhealach féin agus a bheith ar an chéad Phápa le tuairim is 600 bliain a thagann slán ón oifig.

Rachaidh sé ar phinsean agus beidh cónaí air i gclochar taobh istigh de bhallaí na Vatacáine.

Beidh comharba aige, agus is deacair i gcónaí theacht i gcomharbacht agus an duine a chuaigh romhat ina bheatha go fóill agus cónaí air thart an choirnéal.

Beidh síor-chaint ann ó bhomaite an cheapacháin nua faoi cén tuairim a bheadh ag Benedict faoi seo, siúd nó eile, ag toiseacht leis an té a cheapfar ina áit.

An mbeidh rogha na gCairdinéal sásúil don tSean-Phápa?

An mbeidh gach focal ag teacht ó bhéal an Nua-Phápa, agus na focail sin ag teacht ex-cathedra ag réiteach le polasaí an té a chuaigh roimhe?

Beidh go leor ceisteanna mar seo á n-ardú, agus ceist dho-earráideachta an Phápa féin faoi scrúdú.

Ní bheidh sé furasta ag Benedict fanacht ina thost, fiú agus é faoi uallach laige brí agus spioraid mar atá faoi láthair, ach ag an am céanna ní bheidh sé furasta aige tuairim a nochtadh ach an oiread.

Is duine éirimiúil é Benedict agus beidh go leor ag tarlú sa tsaol a bheas ag déanamh olc dó agus ag dó na geiribe dó.

Beidh uaireanta ann nuair a bheidh fonn air labhairt ar cheist amháin nó ar cheist eile, ach ag an uair sin, nuair a thiocfaidh agus scéal cinnte go dtiocfaidh an uair sin, ba thubaisteach don eaglais an rud é guth an tSean-Phápa a chloisteál.

Mar a déir Maitiú 6:24: “Ní féidir d’éinne rud a dhéanamh ar dhá mháistir: óir beidh fuath aige do mháistir acu agus grá don mháistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh drochmheas aige ar an nduine eile.”

Is cosúil seo le leagan eaglasta den tseanfhadhb sin; beirt bhan in aon chistin.

Mas rúd é go dtoghtar Pápa le dearcadh iomlán éagsúil ó Bhenedict, is é sin Pápa liobrálach, Pápa nua-aoiseach agus le meon oscailte, beidh scoilt agat láithreach.

Tá siad ann san eaglais Rómhánach Chaitliceach, idir lucht Sedevacantismus, agus lucht tacaíochta Nós Tridentine an Aifrinn, iad siúd a raibh Benedict XVI féin i bhfad ró-liobrálach dóibh (an seort sin duine a rachadh ar deireadh seachtaine scléip ag dódh cailleacha agus Protastúnach agus eiriceach agus a leithéid!) agus nach orthu a bheadh an gliondar scoilt a fheiceáil agus scoilt a ghríosadh san eaglais.

Cuirfidh láithreacht Benedict srian ar a chomharba aon athrú suntasach a dhéanamh ar stiúradh na heaglaise.

Agus an Sean-Sréadaí ina chónaí i gcóngaracht dó, beidh sé deacair ar an sréadaí nua aon chúram eile a thabhairt dá chaoirigh.

Agus níl sa mhéid sin thuas ach píosa amháin den scéal agus dhá Phápa ar an fhód.

Tá go leor ábhar fágtha i saga Paolo Gabriele agus Vatileaks.

Anois nuair a bheas Benedict XVI mar iarCheann Stáit, an féidir go n-iarrfar air fianaise a thabhairt in aon fhiosrúchan a thiocfadh as ar tharla le linn a ré i gceannas, agus i ndiaidh dó maithiúnas a thabhairt do Gabriele gan iomrá ar cheisteanna a fhreagairt nó fianaise a thabhairt maidir le mhírialtachtaí airgeadais i mBanc na Vatacáine?

Tá seo ina ábhar buartha agus an Vatacáin féin cáinte os ard go hidirnáisiúnta mar gheall ar gníomhartha Istituto per le Opere di Religione.

An féidir go ndéanfadh iarracht anois Benedict a thabhairt os comhair aon fhóram idirnáisiúnta le ceisteanna a fhreagairt maidir leis na scannáil a bhain le mí-úsáid ghnéis leanaí ar bhonn idirnáisiúnta?

Ní thógfaidh sé i bhfad go smaoineoidh duine inteacht amuigh ansin ar é a ghabhail agus a cheistiú – cén difir idir é féin agus Pinochet, nó Mugabe?

An bhfágfaidh an baol seo a cheistnithe ina phríosúnaí é, taobh thiar de bhallaí na Vatacáine, an chéad Phápa mar prigioniero del Vaticano ó bhí Pius XI ann?

Bheadh Benedict a thriail, agus sin ina ábhar iontais, mar an gcéanna gur ábhar iontais é dul ar phinsean.

Sa lá atá inniu ann téann gach duine mór le rá agus gach duine i gcumhacht ar triail, sna meáin, agus beidh meas á dhéanamh ar Phápacht Benedict, ach ar an laghad beidh sé féin go fóill os cionn talaimh leis an bhreith a chloisteáil, ní amhlaidh a bhí leis an Phápa Formosus sa 9ú aois arbh éigean dóibh a dhí-adhlacadh agus a chur os comhair na cúirte ina chorpán marbh le linn an Synodus Horrenda.

Is cinnte in Éirinn féin go bhfuil go leor ar mhaith leo ceisteanna a chur, ní amháin ar Benedict, ach ar na heaspaig agus ar an chléir eile a cheadaigh a leithéid de mhí-iompar.

Tá íospartaigh i ngach uile tír, agus freagraí de dhíth orthu.

An mbeidh na freagraí sin ag Benedict, agus an mbeadh sé toilteanach é féin a thabhairt mar abchóide nó mar fhinné, mar chosantóir, mar chúisí, nó mar chiontach féin?

Beidh Benedict ina scáil an fhad a mhairfidh sé, ina thaibhse má fhanann sé ciúin.

Ach tá sé geallta go mbeidh sé ag dul i mbun staidéir agus i mbun pinn.

Munar thaibhse chiúin é, is cinnte go bhféadfaidh gach focal a scríobhann sé cur le scoilt san eaglais, cur le heasaontas agus míshástacht a chothú sa réimeas úr.

Braitheann sé go mórmhór ar Benedict féin agus an todhchaí a shamhlaíonn sé dó féin, ina ré mar iarchomharba ar Pheadar an Éisc.

Close
Close