“Tá Gaeilge agam”

Seán Ó Farraigh

Ach amháin muna raibh rochtain agat ar an idirlíon le cúpla seachtain anuas, tá mé ag déanamh go bhfaca tú an nós is úire ar na meáin shóisialta i dtaca leis an Ghaeilge – is é sin le rá an scagaire “Tá Gaeilge agam”.

Is dóigh shoiléir í seo a chur in iúl do dhaoine go bhfuil an teanga ar do thoil agat nó go bhfuil tú báúil léi. Ar ndóigh, ní hí seo an chéad uair ar baineadh leas as modhanna den chineál seo chun aird a thabhairt ar an Ghaeilge.

Baineadh feidhm as an chur chuige chéanna go héifeachtach mar chuid d’fheachtas an Dreama Dheirg chun tacú leis an éileamh #AchtAnois.

D’athraigh na mílte duine a gcuid íomhánna próifíle le linn na tréimhse sin agus bhí na pictiúir siúd i mbéal an phobail le tamall fada fosta.

Is cinnte gur seift ghlic í seo chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ó tharla go maireann muid i ré theicneolaíochta ar na saolta seo agus go mbíonn an dúrud daoine, go háirithe an t-aos óg, ar slabhra aici.

Dá bhrí sin, ní thiocfadh leat na híománna céanna a chailleadh.

Bíodh sin mar atá, dá fheabhas atá an scagaire seo, cad é atá ó dhaoine a úsáideann é?

Saol tríd an Ghaeilge? Nó an bhfuil roinnt daoine ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil Gaeilge acu ach gurbh fhearr leo gan í a úsáid, ar cúiseanna éagsúla amhain eagla a bheith orthu go ndéanfadh siad meancóga gramadaí srl?

Is dóigh liom gurb iontach an rud é go bhfuil dearcadh dearfach ag daoine i leith na teanga ach sílim go mbeadh sé ní b’fhearr gaois an tseanfhocail ‘Déan beart de réir do bhriathair’ nó mana Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ‘Ná habair é, déan é’ a leanúint.

Cuidígí le heagraíocht áitiúil Ghaeilge lena campa samhraidh, téigí chuig féile Ghaelach (cuir i gcás Liú Lúnasa), bunaígí ranganna Gaeilge i do cheantar féin chun an tsearc atá agaibh don teanga a chothú i measc do phobail, gabhaigí i mbun pinn.

Déanaigí cibé rud is mian libh a bheith páirteach i saol na Gaeilge.

Dá ghníomhaí atá tú, is amhlaidh is fearr.

Is riachtanach an rud é go ndéanann muid ár ndícheall an teanga a chaomhnú agus í faoinár gcúram na laethanta seo mar is orainn a bheas an locht má bhíonn tuilleadh meatha ann.

Tá nath cainte cuí ag muintir Thír na mBascach, a oireann dúinn agus don Ghaeilge i mo bharúil, “Ní de bharr iad siúd nach bhfuil an teanga acu is nach labhraíonn í a chailltear teanga, ach de bharr na ndaoine sin a bhfuil sí acu agus a roghnaíonn gan í a labhairt”.

Close
Close