Cathair Chultúir 2013 faoi lán seoil i nDoire

Tá tús bríomhar curtha le ré Dhoire mar Chathair Chultúir 2013. Is í seo an chéad bhliain ar bronnadh an stádas úd ar chathair sa Ríocht Aontaithe.

Saothrófar beagnach £100 milliún le linn na bliana agus crúthófar 2,000 post lena chois sin, de réir Culture Company atá i mbun a eagraithe.

Mar chuid den bhliain, déanfar Fleadh Cheoil na hÉireann a reachtáil i nDoire, an chéad uair aige sna sé contae.

Thug Meon Eile cuairt ar an chathair le léargas a fháil ar na himeachtaí atá rompu, ar an chomhoibriú sa phobal agus ar an teideal atá roghnaithe don chathair.

Agus ar dtús, seo chugaibh blaiseadh ó Oíche Burns, céad imeacht na Cathrach Cultúir i gCultúrlann Uí Chanáin.

Is i 2017 a bhronnfar an stádas seo sa Ríocht Aontaithe arís. Tuairiscítear go bhfuil Obar Dheathain, Darbaí agus Plymouth i measc na gcathrach atá a lorg.

Cathair Chultúrtha / Shane Ó Curraighín, Fearghal Ó Maolagain

Fós le teacht….

Ar Meon Eile an tseachtain seo chugainn in áit Saol agus Saothar, beidh mór agallamh againn le hArd-Mhéara Chathair Dhoire, Caoimhín Mac Cathmhaoil.

Close
Close