Cáin ar do Chaife?!

Americano, cappuccino, mocha, latte... ceannaítear na milliúin cupán caife fud fad na tíre gach bliain.

Agus muid ag méanfach ar an bhealach isteach sna caiféanna gach maidin, bíonn muid sásta an cúpla euro nó punt a íoc chun an deoch is fearr linn a fháil.

Ach cad é a dhéanfadh muid dá mbeadh orainn díol as an chostas atá ar na cupáin aon uaire chomh maith?

Tá an moladh seo á scrúdú ag an rialtas ó dheas faoi láthair de bhrí nach féidir athchursáil a dhéanamh ar na cupáin seo agus go dtéann dhá mhilliún acu isteach sna lárionaid dramhaíola achan bhliain, de réir an Aire Timpeallacht Denis Naughten. 

Labhair muid le hoibrí caifelainne agus le custaiméir lena mbarúlacha a fháil...

Close
Close