Buairt Airgid ar Oireachtas na Gaeilge

Léirigh Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, a imní faoi thodhchaí an Oireachtais agus faoi chúrsaí airgid ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain seo caite.

Deir sé gur ciorraíodh buiséad Oireachtas na Gaeilge go mór le roinnt blianta anuas in ainneoin an dul chun cinn atá déanta acu agus tuilleadh dualgas ar an Oireachtas mar cheanneagraíocht.

Ach ní hé Oireachtas na Gaeilge an t-aon dream atá ag fulaingt le ciorruithe. 

Tá Foras na Gaeilge féin ag déanamh iarrachta dul i ngleic le giorruithe buiséid, rud a chiallaíonn go mbíonn laghdú ar bhuiséad na gceanneagraíochta le déanamh acu.

I ndiaidh rath Oireachtas na Samhna i mbliana, labhair muid le Liam Ó Maolaodh agus le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, faoi na ciorruithe seo agus faoi thodhchaí an Oireachtais.

Close
Close