Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge – 120 Bliain ag Fás

Bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl in Iúr Cinn Trá thar an deireadh seachtaine.

Is ocáid bhliantúil í Ard-Fheis an Chonartha ina dtagann na céadta duine chun freastal ar na himeachtaí Gaeilge agus chun eolas a fháil faoi chúrsaí gnó agus margaíochta. Is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht Ghaeilge is sine sa tír agus saothraíonn sí ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne.

Is ag an Ard-Fheis a thoghann baill na heagraíochta Uachtarán agus Coiste Gnó an Chonartha go daonlathach gach bliain. I mbliana atoghadh Donnchadh ÓhAodha ó Chraobh Chúil Aodha ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don tríú bliain as a chéile.

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge – 120 Bliain ag Fás / Sarah de Búrca

Labhair Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh; Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; agus Cormac Ó hEaghra, craoltóir Raidió na Gaeltachta, ar 120 Bliain Ag Fás agus céard atá ós ár gcomhair ag caint na hArd-Fheise oíche Aoine.

Bhí deis ag Gaeilgeoirí teacht le chéile chun an teanga a labhairt agus í a chur chun cinn. I measc na n-imeachtaí eile bhí ceol, plé ar na rúin de réir tosaíochta, ceardlanna gnó, comórtas peile seachtar an taobh agus céilí na hArd-Fheise chomh maith le neart eile.

Close
Close