Aonaid Chothaithe do Ghaelscoileanna tarraingthe siar ag an Roinn Oideachais

Aonaid Chothaithe do Ghaelscoileanna tarraingthe siar ag an Roinn Oideachais

Thar 100 duine a bhí i mbun agóide ag Cnoc an Anfa (Stormont) inné i ngeall ar chinneadh na Roinne Oideachais tarraingt siar ar mhaoiniú d’Aonaid Chothaithe i mBunscoil Bheann Mhadagáin agus i Scoil an Droichid, Béal Feirste.

Agóid i gcoinne chiorruithe

Tá 30 aonad cothaithe i mbunscoileanna ó thuaidh; bhí na cinn i mBunscoil Bheann Mhadagáin agus i Scoil an Droichid le bheith ar na céad chinn in earnáil an Ghaeloideachais.

Cuirtear tacaíocht ar fáil in aonaid chothaithe do pháistí idir rang 1 agus 3 a bhfuil fadhbanna iompraíochta acu.

I mí Aibreán, thug an tIar-Aire Oideachais, John O’Dowd, a bheannacht don dá aonad cothaithe a bhí le hoscailt i Meán Fómhair. Bhí £69,000 le bronnadh ar gach scoil leis na haonaid a oscailt.

Ghlaogh ionadaí ón Roinn Oideachais ar an dá Ghaelscoil tráthnóna Dé hAoine áfach ag tabhairt le fios dóibh nach raibh airgead ar fáil lena n-oscailt.

Bhí múinteoirí agus cúntóirí úra fostaithe ag an dá scoil agus cuireadh traenáil chuí ar fáil faoi choimirce an Údaráis Oideachais d’fhoirne na nGaelscoileanna.

Thug príomhoidí an dá scoil, Fionnghuala McCotter agus Máire Uí Éigeartaigh, le fios dúinn go raibh infheistíocht mhór déanta acu agus go raibh scéala tugtha do thuistí go mbeadh a bpáistí á gclárú sna haonaid le teacht an fhómhair.

Fearg leis an Aire Oideachais, Peter Weir, DUP
Fearg leis an Aire Oideachais, Peter Weir, DUP

Deir an Roin Oideachais go raibh bunú na scéimeanna ag bráth ar mhaoiniú, rud a dúradh leis na scoileanna, dar leo.

Sheol ionadaí Roinne litir chuig príomhoide Scoil an Droichid, a dúirt:

“Due to current pressures on the department’s budget, we have been unable to secure the funding required to allow the project to proceed.

I appreciate that this will be extremely disappointing for the school and that you have already invested significant time and effort in staff training.”

I ráiteas inné, dúirt an Roinn Oideachais:

“In April 2016, the former Education Minister decided to bring forward a one-year nurture group pilot for schools in the Irish-medium sector.

Funding could not be secured at that time and although initial engagement took place to identity two potential participants, it was made clear that the commencement of the pilot remained contingent upon securing funding."

Close
Close