An tAire Farry ag staonadh ón phlé ar chiorrú na céime Gaeilge ag OU

Ollscoil Uladh agus ciorrú na céime

Tá a lámha glanta ag an Aire Fostaíochta agus Foghlamtha, Stephen Farry, de chinneadh Ollscoil Uladh deireadh a chur leis an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge ag campas Bhéal Feirste ón bhliain seo chugainn ar aghaidh, cé go dtagann 40% de mhaoiniú Ollscoil Uladh óna Roinn féin.

Dúirt an tAire Farry i scríbhinn le Conradh na Gaeilge nach mbeidh ráiteas oifigiúil á dhéanamh ag a Roinn faoi chiorrú na céime Gaeilge, cé go n-aithníonn sé tionchar na gciorruithe buiséid i gcinneadh na hOllscoile cuíchóiriú a dhéanamh ar a gcúrsaí.

D’fhógair Ollscoil Uladh ciorrú ar 1,200 áit ollscoile agus ar 210 post sna sála ar chiorrú beagnach £9 milliún a rinne an Roinn Fostaíochta agus Foghlamtha ina bhfóirdheontais an samhradh seo. Tá an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge i mBéal Feirste titithe faoi thua na gciorruithe seo.

“While the University’s decision to reduce course, staff and student provision is the inevitable outworking of the Executive’s budget cuts to this Department and to the higher education sector, universities are autonomous and responsible for their own course provision and staffing levels and my Department therefore has no plans to issue an official statement relating to this matter.”

From September 2016, the provision of Irish courses will be consolidated on the Magee Campus….The University has stated in making these decisions, a number of factors have been taken into consideration, including student demand, attrition rates, student satisfaction, employment statistics and research performance. Consolidation of teaching provision across all campuses will facilitate the necessary reduction of staff numbers without impacting on the quality of teaching, which remains paramount."

You may, therefore, wish to contact Ulster University directly to discuss the matter further.

- Litir ón Aire Stephen Farry, CTR, 18 Méan Fómhar, 2015.

“Masla” a thug an Comhalta den Tionól Reachtach, Dominic Ó Brolcháin ar chinneadh Ollscoil Uladh an chéim sa Ghaeilge a chiorrú.

“Ní luíonn sé le ciall stop a chur le cúrsa céime a bhíonn lán de ghnáth agus nach bhfuil ag cailleadh airgid.

“Tá pobal Gaeilge i mBéal Feirste ag forbairt ó thaobh na teanga, na n-ealaíon, na meán agus in achan réimse eile. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh céimithe oilte sa Ghaeilge ar fáil sa chathair le freastail ar na hearnálacha seo uilig,” arsa an tUasal Ó Brolcháin.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge go raibh cúig chritéir mar shlat tomhais ag an Ollscoil agus cinntí na gciorruithe á ndéanamh acu.

“Bhain siad seo le héileamh, sástacht, taighde, ráta an laghdaithe, agus fostaíocht. De réir an taighde atá déanta ag Conradh na Gaeilge, is léir go raibh ag éirí go breá leis an chúrsa sna réimsí seo ar fad, agus gur ghnóthaigh an cúrsa Gaeilge lánaimseartha i mBéal Feirste 100% i dtaobh éilimh, sástachta, agus taighde de i mbliana. Ní dhéanann sé aon chiall, mar sin, deireadh a chur leis an chúrsa.”

Dhiúltaigh Ollscoil Uladh a fhreagairt an raibh airgead á chailliúnt ag an chéim i mBéal Feirste; ’Such financial information is commercially sensitive.’ Ach, léiríonn eolas a chuir an Ollscoil chugainn go raibh chéad bhliain na céime i mBéal Feirste anuraidh ar an cheann ba mhó ag Ollscoil Uladh le trí bliana anuas idir Béal Feirste agus Doire.

Foinse: Ollscoil Uladh - Líon na mac léinn cláraithe ar chéim sa Ghaeilge 2014/15
Foinse: Ollscoil Uladh - Líon na mac léinn cláraithe ar chéim sa Ghaeilge 2014/15

Cúlra na céime sa Ghaeilge

Chuir Ollscoil Uladh tús leis an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13. Bhíodh Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge suite i gCúl Raithin, aistríodh é chuig campas Mhig Aoidh i gcathair Dhoire in 2013.

Le haistriú na Scoile Gaeilge ó Chúl Raithin go Doire, thit líon na mac léinn a raibh cead acu tabhairt faoin chéim sa Ghaeilge ó 25 go 20 duine.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin gur lorg 56 iarrthóir áit ar an chúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste i mbliana, “rud a léiríonn an bhearna a fhágfar sa chathair ón bhliain seo chugainn ar aghaidh má leantar leis an chiorrú. Is cúis díomá é nach mbeidh mic léinn Ghaeilge á lonnú sa champas is mó ag Ollscoil Uladh, campas a bhfuiltear ag caitheamh £250 milliún air,” arsa Mac Giolla Bhéin.

Deir Ollscoil Uladh go ligfear do mhic léinn atá cláraithe i mBéal Feirste a gcéimeanna a chríochnú sa chathair:

Provision will be made for any students enrolled in the course at Belfast campus to be taught through at the Belfast campus as long as they progress along the the course at the normal pace.

Tá ciorrú na céime Gaeilge mar chuid de mhórchiorrú atá á dhéanamh ag an Ollscoil ar fud na cúige.

Tugadh le fios ar tuairisc.ie roimhe go bhfuil ciorrú foirne 28% i ndán d’fhoireann na hOllscoile, rud a chiallódh go mbeadh suas le ceithre phost a chailliúnt i Roinn na Gaeilge. Thug an Ollscoil le fios dúinn go ndéanfar ciorruithe foirne a dheimhniú i ndiaidh go gcríochnaíonn a bpróiseas iomarcaíochta deonach ar 30 Aibrean 2016.

Brú polaitiúil ar Ollscoil Uladh a gcinneadh a iompú

D’eagraigh Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge cruinnithe le hardbhainistíocht na hOllscoile le coicís anuas. Tá sé tugtha le fios ag an SDLP go bhfuil cruinniú a lorg acusan fosta.

Deir Comhairleoir Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile go bhfuil cruinniú a lorg ag a pháirtí leis an Aire Farry ach go bhfuil cúram ar an phobal tabhairt faoin dúshlán leis.

“Tá neart oibre os ár gcomhair agus sílim go bhfuil muid réidh don obair sin. Sílim go dtuigeann Ollscoil Uladh fosta go bhfuil spás ann athbhreithniú a dhéanamh air seo.”

Tá feachtas cúig phointe faoi lán seoil ag Conradh na Gaeilge. Tá an Conradh ag impí ar dhaoine grianghraf daofa féin le comhartha ag impí ar Ollscoil Uladh gabháil siar ar a gcinneadh a fhoilsiú sna meáin shóisialta leis an haischlib #SabháilBhéalFeirste.

Tá macasamhail Art Parkinson, aisteoir sa chlár ‘Game of Thrones’, Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Uladh agus Ionad Taighde CILT in Ollscoil na Banraíona i ndiaidh a dtacaíocht a léiriú don fheachtas ar líne.

Art Parkinson ó Game of Thrones ag tacú le feachtas CnaG
Art Parkinson ó Game of Thrones ag tacú le feachtas CnaG

Tá Ciarán Mac Giolla Bhéin ag moladh do dhaoine an achainí a shíniú agus chun cur leis an fheachtas sna meáin shóisialta.

“Os cionn trí mhíle duine atá i ndiaidh achainí a shíniú ar líne ag impí ar Ollscoil Uladh gabháil siar ar a gcinneadh. Mar a tharlaíonn sé, bhí cruinniú againn le hOllscoil Uladh an tseachtain seo caite agus tá siad airdeallach ar an fheachtas. Caithfidh muid tógáil air sin.”

Feachtas cúig phointe Chonradh na Gaeilge
Feachtas cúig phointe Chonradh na Gaeilge
Close
Close