An Ghaeilge sa Dréacht-Chomhaontú

An tseachtain seo caite sceitheadh, ar shuíomh idirlín an iriseora Eamonn Mallie, an dréacht-chomhaontú a bhí ar an tábla idir Sinn Féin agus an DUP ag deireadh na gcainteanna ag Stormont.

Doiciméad é a bhí le haontú ag an dá phríomhpháirtí ach theip ar na cainteanna sin chun comhthionól úr ó thuaidh a bhunú mar gheall gur tharraing an DUP amach as an idirbheartaíocht.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster ag an am nach dtiocfadh lena páirtí glacadh le hAcht Gaeilge.

Chonaic an pobal cad go díreach a bhí i gceist leis an acht sin sa dréacht-chomhaontú an tseachtain seo caite agus tá plé mór ar siúl faoi ó shin.

Mar chuid den dréacht bhí Acht Gaeilge, Acht Ultaise agus acht a chlúdaigh cúrsaí measa agus cultúir le bheith san áireamh.

Luadh Coimisinéir Teanga, aitheantas oifigiúil don Ghaeilge agus stráitéis don teanga sa cháipéis.

Thapaigh Meon Eile an deis chun labhairt leis an dá ghrúpa is mó atá ag troid ar son achta chun tuairimí s'acu a fháil ar an mhéid a dúradh ann faoin Ghaeilge.

Close
Close