Aitheantas tugtha do na fir a ciontaíodh roimh 1993 as siocair gur homaighnéasaigh iad

An 24 Meitheamh 1993, vótáil an Dáil ar son an bhille a bhí molta ag an Aire Dlí agus Cirt ag an am, Máire Geoghegan-Quinn, leis an hómaighnéasachas a dhíchoiriú.

An tseachtain seo rinne an Taoiseach, Leo Varadkar, a leithscéal sa Dáil thar ceann an Stáit leis na mílte fear a ciontaíodh as siocair caidreamh collaí a bheith acu le fir eile roimh 1993.

Dúirt sé go ndearna an dlí a bhí ann ag an am dochar do dhaoine homaighnéasacha, dá muintir agus dá gcairde.

Ag labhairt os comhair na Dála dúirt an Taoiseach;

 "men and women of all ages who tried to live and love and be themselves in a society where their identity was feared and despised, and who were aliens in their own country for their entire lives…

We cannot erase the wrong that was done to them… What we can say is that we have learned as a society from their suffering.”

Labhair an Taoiseach in ómós Declan Flynn fosta, fear óg a dúnmharaíodh go barbartha in 1982 as siocair go raibh sé homaighnéasach.

Close
Close