Pobalscoil Ghaoth Dobhair in áit na leathphingine...

Tuairiscíodh ar Meon Eile roimh an Nollaig go raibh trí scoil Ghaeltachta i nDún an nGall fágtha amach as an scéim DEIS, siocair nach raibh siad “faoin mhíbhuntaiste chéanna agus a bhí scoileanna eile” de réir measúnachta ón Roinn Oideachais.

Is í Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon mheánscoil i nGaeltacht Thír Chonaill nach bhfuil faoin scéim - ní hamháin sin ach tá aitheantas DEIS ag gach uile scoil náisiúnta i bparóiste Ghaoth Dobhair, rud “nach ndéanann ciall” dar le príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Séamus Ó Briain.

Ardaíodh an cheist seo sa Dáil roimh an Nollaig ag an TD Pearse Ó Dochartaigh.

Ag labhairt os comhair na Dála, dúirt Ó Dochartaigh, cé go ndearna sé iarracht, gur theip air eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise maidir leis an phróiseas measúnachta.

Chuir Pobalscoil Ghaoth Dobhair iarratas eile isteach chuig an Roinn, chomh maith leis na stataisticí ó Dhaonáireamh 2016, a léiríonn go bhfuil Dún na nGall ar na contaetha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír agus gurb iad na ceantracha Gaeltachta is mó atá faoi mhíbhuntáiste.

Mar sin féin, tá príomhoide na scoile go fóill ag fanacht ar scéal ar ais ón roinn…

Close
Close