Ag dréim go mór le sceitse beirte nua Stormont

Ag dréim go mór le sceitse beirte nua Stormont

Ian Malcolm

Tá mé ag dréim go mór le “Cúinne Dána” an Tionóil úir thuas ar an chnoc mhaorga sin ar imeall Bhéal Feirste.

Sin an leasainm ar an spás ina bhfuil na neamhspleáigh ina suí. Go dtí seo, ba é Jim Allister, ceannaire agus toscaire aonair an TUV, an té is dalba.

Tar éis thoghchán Stormont, beidh Eamonn McCann – an seantrodaire sóisialach ó Dhoire – mar chomhluadar aige i gcoirnéal na dánachta. Is mór an chraic a bheas ann agus an bheirt is cantalaí i bpolaitíocht an Tuaiscirt mar sceitse beirte.

Níl achan duine ag gáire tar éis chomhaireamh na vótaí agus cúpla ceannaire faoi scamall bróin agus iad i mbun machnaimh ar na torthaí. Orthu siúd beidh Colum Eastwood ón SDLP agus Mike Nesbitt ón UUP.

B’é seo an chéad toghchán Tionóil don bheirt agus dianscrúdú orthu gan dabht. Ar dtús, ceannaire óg is ea Eastwood ach fuair sé Cailís na Nimhe óna réamhtheachtaí Alasdair McDonnell, a bhí i mbun báid ar na carraigeacha cheana – tá vóta SDLP ag cnapadh le blianta.

Bhíothas dóchasach go bhféadfadh Eastwood an taoide a chasadh agus cuan síochánta a aimsiú don pháirtí fhad is a chuireann sé tús leis an obair atógála atá. Níor aimsigh! Tháinig Alex Attwood slán as longbhriseadh an pháirtí i mBéal Feirste Thiar, ach ní raibh tarrtháil ar Dolores Kelly, seanfhondúir SDLP agus iar-leascheannaire. Chuaigh sí go tóin poill i mBanna Uachtar.

Má bhí drochlá ag Eastwood, ní raibh cúis cheiliúrtha ag Nesbitt ach oiread. Tá Cabhlach an UUP fós sa chalafort, in ainneoin go raibh Mike in ainm a bheith ar an cheannasaí a scuabfadh chuile rud uaidh.

Níor scuab! Chríochnaigh an UUP leis an líon suíochán céanna a bhí acu in 2011 – drochthoradh iomlán, toisc nach raibh siad ach ag bailiú na suíochán a chaill siad san idirlinn, ceal tréigean triúir.

Cé gur bhain an UUP dhá shuíochán Westminster anuraidh, níorbh fhéidir leo buntáiste a bhreith as. B’fhéidir nach é Mike Nesbitt slánaitheoir an pháirtí tar éis na mbeart agus chuirfinn féin locht ar a chur chuige amscaí.

Amanna, d’iarr sé a bheith níos “DUP-aí” na an DUP, uaireanta eile d’iarr sé a bheith níos liobrálaí ná Bernie Sanders. Sa deireadh, níor thuig duine ar bith an teachtaireacht…

Achan toghchán, deirtear go bhfuil lá Alliance tagtha, iad ag dul a bhriseadh an mhúnla, a dhruidim an bhearna idir glas agus oráisteach, a chinntiú go mbeidh grian an dóchais ag lonrú orainn i gcónaí.

Níor lonraigh! Chaill siad tada, ach níor chuir siad lena n-ionadaíocht sna toghcheantair a bhí mar sprioc acu. Feachtas an-lag agus cuma na tuirse ar an cheannaire, David Ford.

Tá Naomi Long, a bhí mar fheisire Westminster tráth, ar ais sa Tionól, ach theip orthu brabús ar bith a dhéanamh as an vóta ard a fuair sí anuraidh i mBéal Feirste Thoir nuair a bhí comhaontú aontachtach de dhíth chun í a stopadh.

Seans go bhfuil taoide lán Alliance thart, óir dealraíonn sé go bhfuil áit nua don vóta agóideachta agus na Glasaigh ar an mháirseáil. Ghoid siad suíochán a raibh ainm Alliance scríofa air i mBéal Feirste Theas nuair a toghadh Clare Bailey, a bheas i gCúinne sin na Dánachta lena ceannaire Stephen Agnew sa Tionól nua.

Fadhb Alliance ná nach raibh siad in ann a bhláthú taobh thiar den Bhanna, limistéar nach raibh Comhalta Stormont acu ann riamh. Níl toscaire ansin ag na Glasaigh ach oiread, ach measaim go bhfuil an ábaltacht sin acu le caitheamh ama.

Ach céard faoi Phobal Roimh Bhrabús, a bhain dhá shuíochán, Eamonn McCann thuasluaite agus Gerry Carroll, a fuair an ceann is fearr ar SF i mBéal Feirste Thiar?

Agus an “suíomh polaitiúil” i gceart ag an pháirtí nua seo, thig leo vótaí a bhaint ó achan chearn agus chúlra. Taispeánadh nach bhfuil spás ann d’iarrthóirí PUP (páirtí a shíolraigh ón UVF), ach tá neart daoine ar Bhóthar na Seanchille chomh míshásta le bainistiú an gheilleagair agus atá ar Bhóthar na bhFál.

Féach ar an spás seo…

Agus na “buachaillí móra”? Titim bhídeach Shinn Féin ó thaobh na suíochán de ach go leor a bheith buartha faoi. Bhí bainistiú vótaí amhrasach in áiteanna agus níor chabhraigh titim amach idir iarrthóirí in áiteanna leo.

Tá an “titim amach” sin suimiúil agus – b’fhéidir – inmholta. Léiríonn sé go bhfuil SF ag feidhmiú mar ghnáthpháirtí agus nach bhfuil cosc ar bhaill a míshástacht a chur in iúl go poiblí a thuilleadh.

Ach buaiteoirí an toghcháin? An DUP gan agó. Ceapadh go raibh lán mara sroichte acu in 2011 le 38 suíochán. Níorbh fhéidir leo ach cailliúint sa toghchán seo, dar lena lán. Choinnigh siad a raibh acu, cé go raibh gnóthaigh-vótaí nó dhó imithe mar gheall ar jabanna-dúbailte.

“Oibríocht Arlene” ba chúis leis. Tá mé ag déanamh go bhfuil polaiteoir an-chumasach ag an DUP, saor ó bhagáiste Paisley nó Robinson. Gidh gur thosaigh sí leis an UUP, thiceáil sí a lán boscaí don pháirtí.

Bean tuaithe í atá ábalta ag an chathair mhór, gan a cultúr nó a hoidhreacht a chailliúint, agus tá léirithe aici go dtig léi na heití éagsúla a thabhairt le chéile. Tá an DUP athraithe ó laethanta Paisley agus measaim go bhfeicfidh muid páirtí píosa beag níos liobrálaí agus níos fadcheannaí faoin chéad toghchán Tionól eile.

Idir an dá linn, bímis ag féachaint ar Allister is McCann – an seó grinn is fearr ar an bhaile.

Close
Close