6 duine gan dídean i mBéal Feirste de reir staitisticí de chuid an NIHE... ach an fíor é seo?

6 duine gan dídean i mBéal Feirste de reir staitisticí de chuid an NIHE... ach an fíor é seo?

Is í an Nollaig í agus tá soilsí agus maisiúcháin Nollag le feiceail i ngach áit.

Tá dhá lá fágtha go dtí lá Nollag agus tá croílár chathair Bheal Feirste dubh le daoine ag siopadóireacht agus ag baint sult as margadh na Nollag.

Ach ní i bhfad ar shiúl, ar Shráid Waring, tá an grúpa ‘Homeless Action Group’ i mbun oibre, grúpa d’oibrithe deonacha ag iarraidh tacú leo siud atá gan dídean.

De réir statisiticí de chuid Northern Ireland Housing Executive (NIHE) tá 6 duine gan dídean sa chathair, sin le rá go mbíonn 6 duine ag coladh amuigh faoin spéir achan oíche i mBéal Feirste… ach an fíor an staitistc seo?

Tá 6 duine a bhí gan dídean tar éis bás a fháil i mbliana i mBéal Feisrte amháin. Agus tá an scéal céanna amhlaidh ó dheas agus go leor cainte faoi ‘Teach Apollo’.

Thóg lucht feachtais tithíochta ceannas ar ‘Teach Apollo’ ar Shráid na Teamhrach i mBaile Átha Cliath agus thug siad lóistín ann do dhaoine gan dídean. Tá na céadta léirsitheoir bailithe ann agus iad ag tacú leis na daoine atá istigh ann.

Tá sé ráite ag an charthanas Clann Shíomóin go mbeidh beagnach 7,000 duine timpeall na tíre i lóistín éigeandála an Nollaig seo.

Deir an carthanas go bhfuil ardú 26% tagtha ar an líon daoine ata ag lorg cuidithe ná mar sna blianta 2014 agus 2015.

Ach cé chomh holc is atá an scéal i mBéal Feirste… an bhfuil 6 duine gan dídean? Agus más fíor seo nach mbeidh sé furasta an fhadhb a réiteach más fíor?

Chaith ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill oíche i gcuideachta Cheara Nic Giolla Bhríde atá mar chuid den ghrúpa ‘Homeless Action Group’. Bíonn Ceara amuigh ar shraidánna Bhéal Feirste achan seachtain agus í sásta agus ag iarraidh a cuid ama a thabhairt daoibh súid atá ar an bheagán.

Daoine gan dídean
Close
Close