Áras Pháirc na Mara faoi sheol i mBoirche Íochtar

Áras Pháirc na Mara faoi sheol i mBoirche Íochtar

Rinneadh Áras Pháirc na Mara, ionad nua teanga, a oscailt in Áth na Long in oirdheisceart Chontae an Dúin ar na mallaibh. Is iad Conradh na Gaeilge Bhoirche Íochtar atá i gceannas ar bhainistíocht an fhoirgnimh nua.

Thug Meon Eile cuairt ar oscailt oifigiúil an Árais, labhair muid le lucht a fhreastail faoi ghluaiseacht na Gaeilge sa cheantar, faoina bhfoirgneamh nua agus faoina bpleananna don todhchaí…

Áth na long

San am a chuaigh thart, ba cheantar é Áth na Long nach raibh clú na Gaeilge air. Sna hochtóidí, bhunaigh baill den chlub CLG áitiúil Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar agus anois tá tborradh agus bláth tagtha ar an ghluaiseacht le Naíscoil na mBeann agus Gaelscoil na mBeann ag soláthar Gaeloideachais sa cheantar.

Ba iad a thóg Gradam Chomhairle na Gaelscolaíochta leo ag fógairt dhuaiseanna Ghlór na nGael an Aoine seo caite.

Close
Close