Todhchaí litríochta na Gaeilge trí shúile 'An Timire'

Bunaíodh ‘An Timire’ sa bhliain 1911 agus is í an iris Ghaeilge is sine sa tír, agus is sine í ná mórchuid d’irisí reatha Béarla na hÉireann. Pléann an iris cúrsaí creidimh, cúrsaí cultúrtha agus sóisialta.

Is é an tAthair Frainc Mac Brádaigh atá mar eagarthóir ar An Timire ó bhí 2012 ann. Obair dheonach atá i gceist leis an phost seo ach tá a chroí agus a anam istigh ann.

Tá an-obair déanta ag an Athair Frainc Mac Brádaigh ó thoisigh sé agus breis agus míle síntiúsóir ag An Timire sa lá atá inniu ann.

Tháinig deireadh leis an deontas airgid a bhí An Timire á fháil ón stát i mbliana, mar gheall nár thit siad isteach faoin chóras úr maoinithe de chuid Fhoras na Gaeilge.

Cailleadh suntasach a bhí ann do ghnó na hirise, ach tá an tAthair Frainc breá dóchasach faoi thodhchaí na hirise.

Tá go leor dúshlán ann anois roimh litríocht na Gaeilge agus daoibh súid atá ag iarraidh slí bheatha a dhéanamh as, agus táthar ag léiriú imní fá thodhchaí na hearnála.

Chaith Meon Eile deireadh seachtaine i gcuideachta an Athar Frainc Mac Brádaigh agus é ag iarraidh soiscéal ‘An Timire’ a scaipeadh ag Oireachtas na Samhna i mbliana, le léamh níos fearr a fháil ar an scéal…

Todhchaí litríochta na Gaeilge trí shúile 'An Timire'
Close
Close