Teach Mhicí Mhic Gabhann athchóirithe mar a bhí

Teach Mhicí Mhic Gabhann athchóirithe mar a bhí

D’fhás ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill aníos i nGaeltacht Thír Chonaill i gceantar na Rosann.

Is iomaí uair ar chuala sé scéalta a bhí ag a sheanathair faoin fhear uasal Micí Mac Gabhann, údar an leabhair chlúitigh ‘Rotha Mór an tSaoil’.

Rugadh Micí Mac Gabhann sa bhliain 1865 agus is mór an t-athrú atá tágtha ar an saol anseo in Éirinn ó shin.

Tháinig Micí ar an tsaol díreach i ndiaidh thréimhse an Ghorta Mhóir nuair a bhí an tír go hiomlán scriosta agus na daoine beo bocht.

Tógadh i nDoire Chonaire é agus ba é an duine is sine de dhá chloigeann déag de theaghlach.

Tugann a leabhar ‘Rotha Mór an tSaoil’ léargas dúinn ar cé chomh crua is a bhí an saol in Éirinn sa tréimhse sin, an sclábhaíocht ‘ar an Lagán’ agus an saol ar imirce.

Thug Seán cuairt ar shean-teach Mhicí Mhic Gabhann, atá athchóirithe ag an choiste aitiúil, chun níos mó a fháil amach faoina shaol agus a shaothar.

Teach Mhici Mac Gabhann
Close
Close