Suíomh gréasáin dátheangach bunaithe ag Siún Ní Dhuinn

Tá suíomh gréasáin úr bunaithe ag an scríbhneoir agus an colúnaí óg Siún Ní Dhuinn.

Tá clú ar Shiún mar cholúnaí agus tá go leor dá saothar foilsithe anseo ar Meon Eile, ar Nos.ie, The Coven agus sa nuachtán náisiúnta The Irish Times.

Is suíomh dátheangach é www.asannua.com le neart ábhar speisiúil ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon.

“Is tús nua é seo, cé go bhfuil mé ag smaoineamh air le tamall de bhlianta anuas,” a dúirt Siún

“Is spás cruthaitheach é dom leis na rudaí is ansa liom sa saol a cheiliúradh, ina measc; daoine, scéalta, faisean agus cúrsaí smididh, teangacha, bia, feimineachas, léitheoireacht agus scríbhneoireacht.”

Ba mhaith le Siún ardán a thabhairt do scéalta agus taithí na mban ach go háirithe agus aitheantas a thabhairt don méid atá bainte amach acu, thuas seal thíos seal.

Guímid gach ráth ar Shiún amach anseo!

Suíomh gréasáin dátheangach bunaithe ag Siún Ní Dhuinn
Close
Close