Splódar - Co. Liatroma ag tiomáint na drámaíochta Gaeilge

Ag deireadh an chéid seo caite, chinn grúpa pobail i gcontae Liatroma go ndéanfadh siad an aisteoireacht a fhorbairt in iarthuaisceart na tíre.

Cheannaigh siad an Eaglais Mheitidisteach i gCluainín sa chontae agus rinne athchóiriú ar an fhoirgneamh.

I 1995 osclaíodh ionad na nGleannta agus saolaíodh an compántas cónaitheach, Aisteoirí na nGleannta.

Le polasaí an chompántais i léith dhrámaíocht na Gaeilge a fhorbairt go seasmhach, d’athraigh siad ainm a ngrúpa go Splódar i 2007.

Chaith Meon Eile roinnt laethanta leo ar a gcamchuairt is déanaí leis an dráma Salomé a scríobh ag Cathal Ó Searcaigh agus a stiúir Prin Duignan.

Salomé
Close
Close