Spiorad na Nollag ag Fleadh Feirste

Spiorad na Nollag ag Fleadh Feirste
Spiorad na Nollag ag Fleadh Feirste / Sarah de Búrca

Is comhthionscadal é Fleadh Feirste, Féile na Ceathrún Gaeltachta, idir Forbairt Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiach agus an Cheathrú Ghaeltachta Teo.

Bhí an chéad Fhleadh ar siúl sa bhliain 2009 agus anois bíonn sé ar siúl go bliantúil ar an deireadh seachtaine deireanach de mhí na Samhna.

Is teacht le chéile pobail í an Fhleadh a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus a dhéanann ceiliúradh ar chultúr Gaelach na Ceathrún Gaeltachta.

Bíonn féilire na féile lán le himeachtaí do dhaoine óga agus aosta le seisiúin mhóra cheoil, dinnéar speisialta, ‘Take Me Out’ as Gaeilge agus céilí do phinsinéirí ina measc.

Bhí Meon Eile i láthair nuair a bhuail Daidí na Nollag isteach chun na Cultúrlainne mar chuid d’imeachtaí na féile.

Close
Close