Spats Colombo - Ag cur lena stíl féin

Spats Colombo - Ag cur lena stíl féin

Bhí an grúpa ceoil Spats Colombo ar camchuairt i dTír Chonaill ar na mallaibh agus bhí deis ag Meon Eile bualadh leo agus iad i gcuideachta Rónáin Mhic Aodh Bhuí i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta, sna Doirí Beaga, Gaoth Dobhair.

Chuir an ceoltóir ildánach Simon Noble, de bhunadh Oxford, tús leis an ghrúpa sa bhliain 2013, lena dheirfiúr Harriet Noble agus Rhona Ní Chearbhaill.

Tháinig tionchar na gConallach ar an ghrúpa nuair a thosaigh beirt Caroline Ní Dhubhchóin agus Mícheal Ó Ciaraidh ag casadh leo. Gan dearmad a dhéanamh ar an dís eile, Brendan Feeney, a sheinneann an dordghiotár, agus Colmán Mac Séalaigh, a bhíonn ar na drumaí.

Tá sé doiligh cur síos a dhéanamh ar an stíl cheoil atá ag Spats Columbo – meascán idir ceol tíre, rac-cheol agus ceol indie atá ann.

Tá a bhfuaim féin ag an bhanna leis na baill ag teacht ó chúlraí éagsúla ceoil, rud a chuireann go mór leis an toradh iomlán.

Is é Simon Noble go príomha a chumann na hamhráin agus tá an-bhua aige.

Is taipéis chrithlonrach d’amhránaíocht mhealach, giotáir spleodaracha, veidhleadóireacht álainn, agus drumadóireacht scaoilte, bríomhar atá sa ghrúpa Spats Columbo.

Ní iontas ar bith é go bhfuil Spats Colombo i measc na gceoltóirí iontacha atá ar an ghearrliosta le haghaidh Banna/Amhranaí na Bliana ag Gradaim Cheoil NÓS, a bheas ar siúl ag ócáid speisialta sa Sugar Club, BÁC, Dé hAoine 8 Eanáir 2016.

Spats Colombo

Beidh Spats Colombo ag seinm anocht i dteach leanna Roisín Dubh i nGaillimh – b’fhiú go mór iad a fhieceáil má tá sibh i nGaillimh!

Close
Close