Spórt agus spraoi ag Féile An Droichead

Is í Féile An Droichead buaicphointe na bliana don lárionad rathúil Gaeilge i ndeisceart Bhéal Feirste. Anois ina ceathrú bliain, bíonn an Fhéile lán le ceol den scoth, cultúr, spraoi agus teanga. Bíonn fáilte roimh gach duine agus bíonn éagsúlacht mhór sna himeachtaí ar fad. I mbliana bhí an Fhéile ar siúl ó 23 go 26 Lúnasa agus ar an chlár bhí ceolchoirmeacha, taispeántais ealaíne, dianchúrsa Gaeilge, turas siúlóide logainmneacha agus neart eile. Bhí Sarah de Búrca i láthair don seisiún lae do pháistí ina raibh ceardlann drámaíochta agus ceardlann ghraifití ar siúl.

Féile an Droichead / Sarah de Búrca
Close
Close