Seoladh Sheachtain na Gaeilge ar an Ómaigh

Bhí scoth na siamsaíochta ar siúl i nDún Uladh ar an Ómaigh oíche Chéadaoin agus Seachtain na Gaeilge á seoladh i gCúige Uladh ag Pobal ar a’n Iúl agus Dún Uladh.

Bhí duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia, Art Parkinson, ó Dhún na nGall i láthair agus sceitimíní air a bheith i gcuideachta an tslua ann.

Sheinn an grúpa ceoil Rún cúpla fonn, cuireadh radharcanna ón dráma ‘An tAthair Ted’ ar an ardán agus bhí Kevin McAleer mar fhuirseoir dátheangach ar an oíche.

Tá neart imeachtaí beartaithe sa cheantar idir seo agus 17 Márta. Tús spleodrach leis an fhéile a bhí sa seoladh i nDún Uladh agus bhí Meon Eile i láthair.

Close
Close