Seoladh 'Rita' le Myra Zepf agus An tSnáthaid Mhór

Seoladh trí leabhara úr do pháistí le Myra Zepf sa Chultúrlann ar na mallaibh.

Trí leabhar sa tsraith faoi ghirseach bheag darb ainm Rita: 'Rita agus an Róbat', 'Rita agus an tSíog Mhaith' agus an ceann is nua 'Rita agus an Dragún'.

Andrew Whitson ón chomhlacht foilseoireachta An tSnáthaid Mhór a mhaisigh na leabhair.

Bhailigh slua mór sa Chultúrlann don seoladh spleodrach, áit a raibh dragún fiú i measc na cuideachta!

Close
Close