Seanfhocail na hÉireann aistrithe go hEmojis!

Eoin P. Ó Murchú

An mbaineann tú úsáid as emoji? Ná habair nár chuala tú trácht orthu!

Cé go bhfuil na pictiúir bheaga seo in úsáid i gcumarsáid ar na fóin chliste go mór i measc na n-óg agus i measc an dreama sin nach bhfuil chomh hóg céanna, táthar ann nár chuala trácht orthu fós.

Ní thuigim ó thalamh an domhain conas mar a tharla sin ach bí cinnte go bhfuil siad le feiceáil i ngach áit. Tháinig na pictiúir ghleoite seo chun cinn san Áis ar dtús agus scaip a n-úsáid le déanaí ar fud an domhain tar éis theacht na straoiseog:-).

Murb ionann agus straoiseoga is pictiúir ar leith na hemojis a mbaineann gach córas oibriuchán ciall éagsúil astu. Mar sin feicfear leaganacha éagsula sna haipeanna nó ar facebook nó twitter.

Tá gach saghas ruda i gceist aghaidheanna sásta, damhsóirí, seamróga, steallairí, fóin, bia, foirgnimh. Baintear úsáid astu le spraoi thart le téacs léamh focalach!

Nuair a fógraíodh le déanaí go raibh Apple agus Unicode (an dream a shocraíonn caighdeán na n-Emojis do chomhlachtaí) le siombail úra Emojise a chruthú, cinn a léireoidh daoine le saghasanna éagsúla craicinn orthu is scéal ollmhór a bhí ann.

Tá an aip snapchat tar éis scata emoji a chur amach chomh maith agus sa leagan is déanaí de iOS 9.1 (córas na niFón) beidh na hEmoji seo thíos i gceist.

Réimse Emojis
Réimse Emojis

Tá na scéalta seo tar éis go leor tráchta agus sásaimh a tharraingt ar na meáin shóisialta.

Mura dtuigeann sibh an tarraingt atá ag Emojis, bainigí triail astu! Táim lánchinnte go mbainfidh sibh taitneamh as na pictiúir bheaga seo a shá isteach i do chumarsáid phearsanta, is mór an spraoi iad!

Tá rud eile a dhéantar leo chomh maith agus sin scéalta a insint agus ealaíon a chur i lathair.

Ag REIC, oíche filíochta a eagraítear i mBaile Átha Cliath agus áiteanna eile, cuireadh i láthair an tslua dánta i bhfoirm téacs agus ansin na dánta céanna aistrithe go hEmojis. Is bealach nuálach a bhí ann léargas ar leith a fháil ar na dánta. Coinnítear lena leithéid!

Mar sin smaoiníos gur chríonna an rud é seanghaois na nGael a thabhairt ar aghaidh chuig an meán cumarsáids is nuaí.

Mar sin seo daoibh seanfhocail in Emojis!

Bain triail as iad a aistriú sibh féin . Beidh na freagraí ar fáil anocht!

Seanfhocail Emojise
Seanfhocail Emojise

Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

Giorraíonn beirt bóthar.

An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic.

Marbh le tae agus marbh gan é.

Is túisce deoch ná scéal.

Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.

Is minic a bhris béal duine a shrón.

An té a bhíonn thuas óltar deoch air, an té a bhíonn thíos buailtear cos air.

Beatha teanga í a labhairt.

Briseann an dúchas trí shúile an chait.

 

Close
Close