Scoth na siamsaíochta ag Fleadh Feirste

Scoth na siamsaíochta ag Fleadh Feirste

Thriall na céadta duine ar Fhleadh Feirste, mórfhéile na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Eagraíodh ceolchoirmeacha, seoltaí, taispeántais, cainteanna agus drámaí.

Osclaíodh Ceiliúr an Choilm, siopa a dhíolann earraí lámhdhéanta ó cheardaithe Pailistíneacha. Is ar bhonn deonach a oibríonn fostaithe an tsiopa agus bronntar gach brabús ar dhéantúsóirí na n-ábhar.

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta aip thuarasóireachta Shlí na Gaeltachta fosta.

I measc na gceoltóirí agus na siamsaíochta, bhí Seo Linn, Rís, Caoimhín Mac Giolla Chatháin agus Tadhg Mac Dhonnagáin.

Fógraíodh gearrliosta do Ghradaim Cheoil NÓS lena chois.

Bhí Daidí na Nollag féin i measc na cuideachta! Seo chugaibh blaiseadh d’fhéile na bliana seo…

Fleadh Feirste
Close
Close