Scoth an cheoil ag SWELL ar Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Swell… bhí deireadh seachtaine ar dóigh againn ag an fhéile ‘Swell’ ag an deireadh seachtaine.

Seo an 4ú bliain don fhéile cheoil agus champála a bheith ar siúl ar Aráinn Mhór, oileán suite amach ó chósta Dhún na nGall.

Shílfea go raibh muid thar lear agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch!

Bhí slua breá i láthair i mbliana agus neart siamsaíochta curtha ar fáil mar chuid den deireadh seachtaine, idir taispeantas ealaíne, filíocht, greann agus ceol den chéad scoth.

I measc na gceoltóirí a thug aghaidh ar an ardan bhí Mundy, Orchid Collective, The California Feetwarmers, Mark Geary, Emerald Armada, Makings, The Altered Hours, Will Carruthers agus go leor leor eile.

Tugadh aitheantas speisialta do na Gaeil fosta agus a n-ardán féin acu ar an Domhnach, ‘Stáitse na nGael’.

Seo an dara bliain go raibh ról lárnach ag an Ghaeilge san fhéile, agus na himeachtaí faoi chúram Dhónaill Mhic Ruairí ó RnaG.

Ina measc siúd a bhí ag ceol ar an Stáitse bhí Emma Ní Fhíoruisce, Spats Colombo, JJ Ó Dochartaigh, IMLÉ, Clann Mhic Ruairí chomh maith le Moya Brennan agus a clann.

Seo chugaibh blaiseadh beag de Swell mar sin... beidh muid ann arís ar an bhliain seo chugainn gan dabht!


Close
Close