Scléip agus spreagadh ag Oireachtas na Samhna san Ardchathair

Breis agus 10,000 duine a thriall ar Oireachtas na Samhna ag óstán Citywest i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Ba é an chéad uair é ag an fhéile iomráiteach san Ardchathair ó 1995.

Rinneadh ceiliúradh ar chultúr na teanga idir comórtais, ceardlanna, ceolchoirmeacha, céilithe, drámaí, seiminéair, seoltaí agus craolacháin bheo ar Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Thóg Bríd Ní Mhaoilchiaráin as Carna i gConamara príomhdhuais na féile, Corn Uí Riada léi. Tháinig Brian Ó Domhnaill as Tír Chonaill sa dara háit agus ba é Irial Ó Ceallaigh, as Rinn Ó gCuanach a tháinig sa tríú háit.

Bhí Clár Nic Ruairí as cathair Dhoire, Feilimí O’Connor as contae Lú, Diane Ní Chanainn as Dún na nGall buach i gcomórtais amhránaíochta ar an seán nós. Thóg ár bhfísiriseoir féin Shane Ó Curraighín, an chéad duais leis sa chomórtas cáilithe scéalaíochta.

Seo chugaibh buaicphointí ón chuid is fearr den siamsa, craic agus comórtais ó Oireachtas na Samhna 2015…

Oireachtas na Samhna 2015
Close
Close