Ollscoil na Gaillimhe... déanta as Cairtchlár!

Tógadh macasamhail de Chearnóg Ollscoil na Gaillimhe i lár na cathrach le déanaí agus é déanta go hiomlán as cairtchlár.

Tionscnamh leis an ealaíontóir Fhrancach Olivier Grossete agus os cionn 150 oibrí deonach a bhí in 'The People Build'.

I ndiaidh dóibh cruthanna a thógáil as cairtchlár, cuireadh le chéile iad ar an Fhaiche Mhór agus tógadh macasamhail an 'Quad', gan in úsáid acu ach a lámha féin.

Tá a leithéid de thionscnamh curtha i gcrích cheanna féin ar fud na cruinne agus mheall an foirgneamh mórthaibhseach cairtchláir seo na sluaite go lár na cathrach.

Lean Meon Eile an próiseas tógála...



Close
Close