Oidhreacht Bheo - Trí Shúile na nEalaíon

D’eagraigh Ealaín na Gaeltachta seimineár i nGaoth Dobhair le déanaí le plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann d'ealaíontóirí a bheith páirteach sa mhórócáid idirnáisiúnta 'Bliain Oidhreachta na hEorpa' a bheas á ceiliúradh in 2018.    

'Oidhreacht Bheo: Trí Shúile na nEalaíon' ba theideal don seimineár, a bhí á reáchtáil thar dhá lá in Amharclann Ghaoth Dobhair agus Áislann Ghaoth Dobhair. 

Labhair aoichainteoirí ó fad fud na tíre agus ó thar lear faoi chúrsaí oidhreachta i gcomhthéacs na n-ealaíon, agus faoi na bealaí éagsúla gurb féidir ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht sin.

Le linn an tseimineáir, bhí deis ag aisitheoirí agus ealaíontóirí a bhíonn ag plé leis na healaíona modhanna dea-chleachtais a fhorbairt agus bhí ceardlanna oibre á n-eagrú dóibh siúd a raibh suim acu gnéithe faoi leith den oidhreacht agus de na healaíona a fhorbairt.

I measc na gcainteoirí a ghlac páirt sa seimineár bhí Darach Mac an Iomaire (Scríbhneoir, Stiúrthóir), Eithne Verling (Stiúrthóir Mhúsaem na Gaillimhe), Meic Llewellyn (Comhordaitheoir na gComharsan Ceilteach), Igor Otxoa (Comhordaitheoir Txalap.ART ó Thír na mBascach), Froukje de Jong-Krap (Ionadaí ó Chathair Chultúir na hEorpa 2018) agus Brian Ó hEadhra (Oifigeach Cultúrtha & Ealaíon Bhord na Gàidhlig & Albain Ildanach).

Bhí deis ag Meon Eile bualadh isteach chuig an seimineár le labhairt le cuid de na rannpháirithe agus leis an lucht eagraithe. 

Close
Close