Oíche Chultúir 2017

Agus Oíche Chultúir ar siúl timpeall na tíre ar an Aoine seo caite thug Meon Eile cuairt ar Ard Mhacha agus ar Bhéal Feirste le súil a chaitheamh ar chuid de na himeachtaí.

I sráidbhaile beag taobh amuigh den Iúr bhí cluiche faoi aois ag tarlú idir foireann CLG Uí Annluain Phas an Phointe agus cumann rugbaí Dhroichead na Banna ina raibh leath den chluiche á imirt acu le rialacha na peile Gaelaí agus an leath eile le rialacha rugbaí.

Bhí Pop Up Gaeltacht ag Cairde Teo i lár chathair Ard Mhacha le ceol, craic agus bia.

I mBéal Feirste bhuail Meon Eile le damhsóir boilg a bhí ag glacadh páirt in imeacht sa Black Box. Bhí taispeántas damhsa ann agus ag deireadh na hoíche bhí seans ag an lucht féachána triail a bhaint as an damhsa boilg.

Is iomaí imeacht a bhí ar siúl ar Oíche Chultúir 2017... seo díreach blaiseadh beag daoibh!

Close
Close